Lorna
@mouke
Labhair Gaeilge liom. Tá cónaí orm sa Nua-Shéalainn. Is comhairleoir cathrach mé (Páirtí an Lucht Oibre) in Palmerston North.
Bhí an peann Thuairisc i bhfad ó bhaile sa chruinniú comhairle Palmerston North inné @maitiuocoimin.bsky.social
Má tá an Fhraincis agat tá moladh den scoth agam duit: Fenêtres Sur Rue, mionsraith ar Insta le FranceTVslash. Mort de rire!
Faoi dheireadh thiar thall tháinig na málaí abhaile (bhí turas dhá lá sa bhreis acu!) ⁊ bhí mé in ann mo shásamh a bhaint as an gcarnán leabhar a cheannaigh mé in Éirinn.
Chaith muid lá iontach ar Inis Meáin, ag tabhairt cuairte ar chairde ⁊ ag rothaíocht timpeall an oileáin. D'éirigh linn bualadh le @maitiuocoimin.bsky.social ⁊ muid ar ais ar an mórthír freisin!
Nach fánach an áit a bhfaighfeá gliomach! Leabhar a chuir mo sheanathair in eagar i siopa sa Chlochán inniu!
Ag baint taitneamh as gach rud anseo, go háirithe an seanchas agus an comhluadar deas.
Ar ais sa Ghleann 💚 Ag déanamh cúrsa faoi bhéaloideas Thír Chonaill le hOideas Gael.
Tá an tseachtain beagnach thart, agus bhí am iontach againn i dToraigh. Is mór agam an deis Gaeilge a labhairt gach lá.
Ba léir nach raibh mo ghariníon (a bhfuil uathachas uirthi) sásta lena cuid gruaige fada mar bhí sí ag iarraidh í a ghearradh í féin. Inniu, chuaigh muid chuig an ngruagaire léi den chéad uair ⁊ d'éirigh léi bearradh gruaige a fháil! Tá sí iontach sásta lena cuid gruaige gearr nua!
D'iarr mo ghariníon orm císte 'Hello Kitty' a dhéanamh dá breithlá. Caitheamh aimsire cuí do sheanmháithreacha is é maisiú císte, is dóigh 😅
Tá mé in Auckland le mo mhac d'Fhéile na Scríbhneoirí inniu. D'fhreastail muid ar cheardlann aistriúcháin, agus ar agallamh le Vincent O'Malley, staraí. Tá Vincent ag déanamh taighde ar an gcaidreamh stairiúil idir na Maoraigh agus na hÉireannaigh.
Beidh fáilte romhat a bheith linn le haghaidh seoladh Léann Teanga: An Reiviú, (Eagrán 14) a reáchtálfar ar líne Dé Céadaoin 13 Bealtaine ag 7 i.n. Déan teagmháil liom má tá spéis agat agus cuirfidh mé an nasc zoom chugat.
Ātea a Rangi in Napier. Is compás réalta traidisiúnta é. Bhí na bundúchasaigh i muinín na réaltaí chun eolas na slí a dhéanamh tráth.
Bhí sceitimíní orm Daonáireamh 1926 a fhiosrú agus áthas orm a fháil amach gurbh i nGaeilge a líon mo sheanathair mór an fhoirm agus iad i nGaillimh! Anuas ar sin ba chainteoir dúchais Gaeilge í mo sheanmháthair mhór eile a bhí ina cónaí i nDún na nGall.
Eala dhubh (Kakīānau) le héin eala. Tugadh ealaí dubha isteach ón Astráil sna 1860idí agus tá siad forleathan sa Nua-Shéalainn anois.
Chríochnaigh mé 'Rún an Bhonnáin' faoi dheireadh! Bhí sé rud beag mall ar dtús agus bhí sé deacair suim a choinneáil sa scéal. Ar aon nós, thosaigh mé ar leabhar nua inniu, bailiúchán gearrscéalta: 'Scothscéalta' le Pádraic Ó Conaire.
Tá cioclón trópaiceach Vaianu ar an mbealach. Tá rabhadh i bhfeidhm ar fud na tíre.
Bhí turas lae go Cape Kidnappers/ Te Kauwae-a-Māui againn inniu, chun na gainéid a fheiceáil. Cé go raibh áthas orm na héin a fheiceáil, bhí boladh bréan ann! 🤢