Fintan
@fintan-galway
Léachtóir in Oideachas STEM trí Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe. Cuntas pearsanta. Liosta imeachtaí ar siúl trí Ghaeilge i nGaillimh ag feilire.com
Bhí an deis agam labhairt le Seán Ó Dubhchon ar Raidió Rírá le linn na seachtaine, faoi bheith ag obair mar léachtóir in Oideachas STEM trí Ghaeilge in @uniofgalway.bsky.social agus rudaí gaolmhara. open.spotify.com/episode/35Ot...
Nótaí bainc nua le teacht, is cosúil. Is féidir vóta a chaitheamh anseo má tá spéis agaibh (daoine nó éin amháin, drd): www.ecb.europa.eu/euro/banknot...
B'fhéidir gurb é an duais fhíor ná na daoine a casadh orainn ar an mbealach...
Dóibh siúd agaibh i nGaillimh ar mhaith leo ionchur a bheith acu i bpleananna Áras na nGael.
Ceart agat is cosúil. Níl a fhios agam an bhfuil sé indéanta aon rud a oibriú amach.. an ADN cáiliúil ar leith a bheadh ann? Cúpla móilín srl thíos faoi freisin.
An píosa spam deireanach uaim faoi na hOícheanta Ólaíochta.. Go dtín chéad uair eile! Imeacht díolta amach aréir i gClub Áras na nGael - ticéid fós ar fáil le haghaidh anocht i dTigh Chualáin! www.pintofscience.ie/event/oiche-... @pintofscienceie.bsky.social #stemasgaeilge
Oícheanta Ólaíochta mar chuid den fhéile @pintofscienceie.bsky.social ón 18-21 Bealtaine. STEM as Gaeilge sa pub Ticéid saor in aisce ó pintofscience.ie Scaipigí an scéal! Samplaí thíos ó imeacht Chonamara www.pintofscience.ie/event/oiche-... @cnagaeilge.bsky.social @tuairisc.bsky.social
18-21 Bealtaine: Oícheanta Ólaíochta i mBÁC, Conamara, Corcaigh, Gaillimh - imeachtaí @pintofscienceie.bsky.social as Gaeilge. Tar linn go dtí an pub, foghlaim faoi STEM, thar phionta nó dhó.. Buíochas le @researchireland.ie as an tacaíocht. Costas ticéid: €0 (Ceol sa físeán ó Cormac Begley.)
Ticéid (saor in aisce) ar fáil anois le haghaidh an Oíche Ólaíochta in Indreabhán ar an 21ú Bealtaine: pintofscience.ie/event/oiche-... Bígí linn - foghlaim faoi STEM as Gaeilge!
Má tá aithne agaibh ar éinne a mbeadh suim b'fhéidir acu scannán STEM as Gaeilge a léiriú.. ardan.ie/news/coimisi...
Teideal cosanta ag an bhfalmaire, le tacaíocht uaimse, @reallynahreilly.bsky.social , agus Oisín a tháinig ar ais ó Cambridge don ócáid..
Amárach (Dé Máirt), a chairde. Tráth na gceist á reáchtáil ag na Timirí STEM as Gaeilge. Fáilte roimh chách! Sílim go raibh an bua ag @cathal.bsky.social agus @falmairemor.bsky.social an uair dheireanach a ghlac siadsan páirt, agus tháinig @olaoghaire.bsky.social sa dara háit an uair roimhe, so...
clubleabharcf.wordpress.com/lig/ Lá i gCathú - siúlóid bunaithe ar Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hÉithir - Dé Sathairn an 18ú Aibreán. @aonghusoha.bsky.social @cathal.bsky.social @darachoscolai.bsky.social @falmairemor.bsky.social
Táim ag smaoineamh faoi athrú go dtí phost margaíochta leis na production values seo. (Tá'n ceol iontach sa bhfíseán ó Cormac Begley.) Má tá sibh i nGaillimh Dé Máirt, fáilte romhaibh a bheith linn!
d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net/wp-content/u... TG4 ag cuardach Comhairleoirí Teanga - seans go mbeadh spéis ag cuid agaibh!
www.universityofgalway.ie/about-us/new... Pláinéad nua EILE aimsithe ag scoláire PhD in @Ollscoil na Gaillimhe @uniofgalway.bsky.social
Léacht le linn Lóin inniu (Dé Luain) ar ceal, ar an drochuair. Ach beidh muid fós ann, má tá fonn oraibh bualadh isteach agus cúrsaí STEM as Gaeilge a phlé, nó tae agus cúpla briosca a fháil.
LLLL: etim.ie/leachtai-le-... 23ú: BioInnovate, ionad nuálaíochta teicneolaíochta sláinte in @uniofgalway.bsky.social. 24ú: An Gaodhal (universityofgalway.ie/angaodhal-ga/) & samhlacha OCR chun an seachló a léamh. Tae & brioscaí ar fáil. GRMA @researchireland.ie as STEM as Gaeilge a mhaoiniú.
www.universityofgalway.ie/about-us/new... Grma Taighde Éireann (@researchireland.ie)!
Ha! Bhíos féin díreach tar éis é seo a thabhairt faoi deara tráthnóna, nach raibh feicthe agam cheana!
Na cártaí ÁILLE deartha ag Caitríona don imeacht Traitors (Na Sionnaigh) a bhí againn tráthnóna.
Seomra óstáin thar a bheith fancy againn.. Cistin bheag, neart spáis stórála, leaba gur féidir a chur i bhfolach chun seomra suí a thabhairt duit féin, agus.. ballaí trédhearcach don leithreas..