Gaeilge Bheo
@gaeilgebheo
Mise Fergal, suim sa Ghaeilge agus an Dúlrá
Pabhsúr beag buí é an Ruadh agus cáil air mar rinne na seandaoine dath dearg leis na fréamhacha
Airgead Luachra nó Luachra Airgid - gaolta leis an rós agus tagann an asprin as aigéad atá sna fréamhanna aige
Tarbh (sin an t-ainm atá aige) i bhfaire an turbh. Agus ná bí ag mónáil nach focal é turbh
An Donnlus - bláth coille nach bhfaca mé roimhe seo sa cheantar. Is dócha gur tháinig an síol sa dtrúncail a thug siad anseo chun an bhóthar a dheisiú
Meacan Dubh, cé go dtugann siad Lus na gCnámh Briste air mar tá cáil ar na fréamhacha mar leigheas ar cnámhacha briste
An Féileastram atá, dar liom, mar cheann na mbláthanna coille is álainn againne
Nuair nach bhfuil an cumas aige a sciatháin a fhilleadh ar a dhroim, is leamhan é an féilechán
Ní minic go bhfeicfadh tú é, ach, chaith duine échinnt bruscar gharraí anseo tamaillín ó shin agus anois, chroimchinní beaga bídeacha ag fás mar pabhsúir choille. 🌺
Seo Leibide Leibide an t-ainm ar chnámhfhiach/rocas óg. Dar an seanchas, fanann an Leibide ar ghéaga ísle agus ligeann do na cnámhfhiachanna caiceadh anuas orthu - agus cuireann na sinsear ruaig ar na leibidí, is tógann siad a n-áit má éiríonn gaoth mór
Préachán? Fíor, ach idir Cnámhfhiach, Rocas (as a dtagann an focal gallda 'ruckus') Badhb, Dubhéan nó Feannach - tá neart ainm aige. Feannóg an t-ainm ar phréachán (Feannach) óg agus tá scéal le fheannóg an chmámhfhiacha, an 'Leibide' ....
Beagainín breis agus bliain ó straic Spéirling Eoghain rian trí na coillte agus, fiú inniu, tá crainn ag titim ina shleó - ar chuile gníomh tá frithghníomh agus is dócha go frithghníomh eile ar an bhfrithghníomh son, is leanann sé mar sin feadh bliana?
Ailleacht an bhaoil Nach álainn ar fad iad, caoraí an Fhuatha Dhuibh?
Púicíní Coille - is fada ó chuir mé rud anseo. Sásta le toradh inné agus is cuma an siarbhaisteach atá linn. Lá maith agaibh uile
Spéirling Florian ar a bealach agus, sa saol atá againn inniu, tá na powerbancanna ullamh agam mar ní dócha go mbeidh cumhacht againn ar maidin.
Má tá dath donn air is minic go ndeireann daoine gur Leamhan é, ach, má tá an cumas aige a sciatháin a fhilleadh siar, is Féileachán é.